CUID CCanna DEN LÁITHREÁN GRÉASÁIN

Cén difear a dhéanfadh tabhartas €20?

Tá gach uile thabhartas tábhachtach agus táimid buíoch astu go léir. Cuirfidh do thabhartas leis an obair atá idir lámha ag gníomhaireachtaí cúnaimh idirnáisiúnta san Úcráin agus ar theorainneacha na tíre chun cuidiú leighis, dídean, bia agus cúnamh géarchéime a chur ar fáil. Cuirfidh sé freisin leis an gcúnamh atáthar a thabhairt do mhuintir na hÚcráine atá ag teacht go hÉirinn, a bhfuil cúnamh práinneach ag teastáil uathu chun lóistín, tacaíochtaí tráma agus riachtanais riachtanacha eile a fháil.

Cé mhéad den airgead a thabharfaidh mé a rachaidh chuig na carthanachtaí? 

Déanfar 100% den airgead a bhaileofar a dháileadh ar ghníomhaireachtaí cúnaimh idirnáisiúnta agus ar fhaighteoirí deontais Éireannacha.

Cá bhfuil an t-airgead ag dul?

Gheobhaidh The Community Foundation for Ireland an t-airgead a bhaileofar. Tá 50% den airgead le roinnt idir réimse gníomhaireachtaí cúnaimh idirnáisiúnta de chuid na hÉireann (Cumann Croise Deirge na hÉireann, Concern, UNICEF agus Trócaire). Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo: Cuidigh leis an Úcráin ar an talamh – Éire ar son na hÚcráine.. Cuirfear an 50% eile ar fáil ina ndeontais do charthanachtaí agus gníomhaireachtaí in Éirinn a bheidh ag obair chun cuidiú le daoine as an Úcráin atá tagtha go hÉirinn le réimse de riachtanais phráinneacha agus riachtanacha. Cuidigh le Teifigh na hÚcráine in Éirinn – Éire ar son na hÚcráine

Cén fáth a bhfuil an maoiniú roinnte 50:50?

Tuigtear go bhfuil géarghá le cúnamh ar an talamh san Úcráin agus sna tíortha le teorainn na tíre ach tuigtear freisin nach mór freastal ar riachtanais nach mór 200,000 duine atá ag teacht go hÉirinn agus is chuige sin atá an maoiniú roinnte ina dhá leath.

An bhfuil teorainn leis an méid is féidir a thabhairt? 

Níl aon teorainn leis an méid is féidir a thabhairt. Dá mba mhaith leat labhairt le duine éigin faoi thabhartas mór daonchairdiúil a thabhairt don fheachtas, déan teagmháil le John Sansome (jsansome@foundation.ie) ag The Community Foundation for Ireland.

An féidir liom tabhartas corparáide a thabhairt?  

Is féidir, tá comhlachtaí ábalta tabhartas a thabhairt tríd an láithreán gréasáin nó thrí aip Revolut. Nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi chomhpháirtíocht chorparáide déan teagmháil le John Sansome (jsansome@foundation.ie) ag The Community Foundation for Ireland.

An féidir liom faoiseamh cánach a fháil ar mo thabhartas?  

Dá mba mhaith leat go mbainfí leas as faoiseamh cánach maidir le do thabhartas Éire ar son na hÚcráine, seol ríomhphoist chuig jsansome@foundation.ie.

Maidir le CFI

Is carthanacht chláraithe The Community Foundation for Ireland a bhfuil breis is 22 bliain taithí aige san earnáil dheonach, phobail agus charthanach (Uimh Charthanais: CHY 13967, Uimhir an Rialálaí Carthanas: 20044886). Le linn na tréimhse sin, tá nach mór €100 Milliún i ndeontais curtha ar fáil ag an gcarthanacht mar fhreagairt ar na dúshláin a mbíonn ar phobail aghaidh a thabhairt orthu.

Comhlíonann The Community Foundation ceanglais ar fad an Rialálaí Carthanas chomh maith le ceanglais na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá Rialachas agus Polasaithe na carthanachta ar fáil go poiblí ar The Community Foundation

Cén fáth ar roghnaíodh na carthanachtaí áirithe seo?

Is é mian Éire ar son na hÚcráine a bheith chomh héifeachtach leis na tabhartais agus is féidir, ag tuiscint go mbeidh ar mhuintir na hÚcráine aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha de réir mar a fhágann siad an choimhlint agus de réir mar a lorgaíonn siad tearmann in Éirinn. Cuireann sé seo bealach ar fáil chun tabhartas a thabhairt a chuideoidh leis an dá chúis. Táthar ag súil, tríd an gcur chuige seo, go mbeidh trasghearradh leathan carthanachtaí ábalta cuidiú le daoine as an Úcráin le réimse de riachtanais éagsúla.

Cén fáth a bhfuil eagraíochtaí meán cumarsáide na hÉireann á dhéanamh seo?

Tá foréigean agus scrios ag fágáil drochbhail ar na mílte daoine san Úcráin. Tá gá práinneach le cúnamh éigeandála a chur ar fáil sa tír.

De réir mar a thagann na mílte teifeach go hÉirinn, tá tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu anseo freisin i dtaobh dídine agus riachtanais riachtanacha.

Tá an-cháil ar mhuintir na hÉireann as a bhflaithiúlacht nuair is mó a dteastaíonn sí. Ach ó tharla go leor guthanna agus foinsí eolais iomaíocha ann tá sé deacair an bealach is fearr le cúnamh a thabhairt a dhéanamh amach. Is ionann Éire ar son na hÚcráine agus dícheall i gcomhar chun airgead a bhailiú agus an t-airgead sin a chur ar fáil chun an tionchar is mó a bhaint amach. Mar beimid ábalta níos mó a bhaint amach trí bheith ag obair as lámha a chéile. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo: Cad is Éire ar son na hÚcráine ann? – Éire ar son na hÚcráine

Mar a oibríonn sé

Tá idir eagraíochtaí meán cumarsáide digiteacha agus clódóireachta, raidió agus teilifíse tagtha le chéile chun feasacht a ardú maidir leis an bhfeachtas Éire ar son na hÚcráine. Is é an ról atá againn ná a chinntiú go mbeidh baill den phobal ar mhaith leo cuidiú leis an Úcráin ábalta sin a dhéanamh agus fios acu go bhfuil a dtabhartas slán, freagrach agus ag déanamh difear ceart.

Rachaidh na tabhartais ar fad isteach i gcuntas arna bhainistiú ag Community Foundation for Ireland, a bunaíodh 21 bliain ó shin chun a chinntiú go bhfuil tabhartais charthanachta ag imirt tionchar ceart. Déanfaidh The Community Foundation an t-airgead ar fad a bhaileofar a dháileadh ar chomhghuaillíocht carthanachtaí atá ag obair le chéile chun cuidiú leosan a bhfuil tionchar ag an gcogadh san Úcráin orthu. Chun go mbeidh tú ábalta airgead a thabhairt agus fios maith agat go bhfuil do thabhartas ag cuidiú leosan is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu.

Céard a dhéanfaidh mé má bhíonn fadhb agam le m’íocaíocht? 

Déan teagmháil le John Sansome (john@foundation.ie) ag The Community Foundation for Ireland.

Tá eolas agam ar eagraíocht atá ag obair le daoine as an Úcráin. An bhfuilimid ábalta iarratas a dhéanamh ar dheontas?

Táimid ag súil go mbeidh réimse leathan carthanachtaí cláraithe chomh maith le grúpaí pobail bunaithe incháilithe le tacaíocht a fháil tríd an gciste. Tá taithí ag The Community Foundation for Ireland ar bheith i gcomhpháirtíochtaí le heagraíochtaí de gach méid. Tá líonra de 5,000 eagraíocht comhpháirtithe curtha le chéile aige le 22 bliain anuas – líonra atá fós ag méadú.

Beidh The Community Foundation for Ireland ag lorg iarratais ar dheontais trí phróiseas oscailte.

Tá critéir á bhforbairt agus déanfar iad a fhoilsiú go ríghairid The Community Foundation