Cuidigh leis an Úcráin ar an talamh.

Tá go leor de ghníomhaireachtaí cúnaimh na hÉireann san Úcráin agus ar theorainneacha na tíre, ag tabhairt cúnamh éigeandála dóibhsean atá gortaithe, curtha as seilbh agus atá fágtha gan dada de bharr na coimhlinte san Úcráin. Roinnfear 50% den airgead ar fad a bhaileofar go cothrom idir na carthanachtaí seo a leanas atá ag tabhairt cúnamh éigeandála.

Cumann Croise Deirge na hÉireann Ag tacú le pobail in Éirinn agus thar lear – Cumann Croise Deirge na hÉireann

Tá foirne de chuid Chumann na Croise Deirge ar an talamh anois san Úcráin agus leanfaidh siad dá gcuid oibre chun bonneagar ríthábhachtach a dheisiú, chun tacú le saoráidí sláinte agus chun cuidiú le teaghlaigh le bia agus le nithe sláinteachais chun iad a thabhairt slán.

UNICEF IrelandAr Mhaithe le gach Leanbh | UNICEF Ireland

Tá an choimhlint san Úcráin ag imirt drochthionchar coscrach amach is amach ar shaol agus ar fholláine 7.5 milliún leanbh na tíre. Tá UNICEF ag obair chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh leochaileacha, seirbhísí amhail sláinte, oideachas, cosaint, uisce agus sláintíocht.

Concern WorldwideConcern Worldwide | Eagraíocht dhaonnúil & forbartha idirnáisiúnta

Concern Worldwide is working, alongside its partners, inside Ukraine to get help as quickly as possible to those who need it most.  Concern is supporting Ukrainian people who are in desperate need with cash transfers, rent, food, hygiene kits and psychosocial support. A joint team from Concern and its partners have been working in Ternopil and Khmelnytskyi, not far from Lviv in Western Ukraine.

TrócaireTrócaire extends financial support to Caritas Poland for response to humanitarian crisis in Ukraine

Tá Trócaire, trína chomhghníomhaireachtaí Caritas san Úcráin agus sa Pholainn, ag tabhairt bia, dídine, iompair agus tacaíocht shíceasóisialta dóibhsean atá fós san Úcráin agus dóibhsean atá ábalta an teorainn a bhaint amach. Tá sé ag tabhairt tacaíochta do dhaoine atá ar bóthar, ag cuidiú leo an teorainn a bhaint amach.

Úsáidfear an 50% eile den airgead a bhaileofar chun cuidiú le teifigh a thagann go hÉirinn le dídean, tráma agus riachtanais riachtanacha.