Mar a chuideoidh do thabhartas le teifigh in Éirinn

An Ciste Freagartha maidir leis an Úcráin

Tá líon mór daoine ag teacht go hÉirinn ag lorg sábháilteachta, dídine agus tearmainn i bpobail na tíre. Meastar go dtiocfaidh 200,000 duine as an Úcráin go hÉirinn ag lorg tearmainn. Rachaidh Ciste Freagartha maidir leis an Úcráin The Community Foundation for Ireland i ngleic le riachtanais go léir na ndaoine sin.  

Is iomaí cineál dúshlán a bhíonn i gceist le géarchéim teifeach agus is minic na dúshláin sin a bheith casta. Riachtanas láithreach, áit chónaithe shábháilte agus bunriachtanais, rochtain ar scoileanna, measúnú tráma agus cúnamh leighis. Tá saincheisteanna inimirce, athaontú teaghlaigh, imeasctha ag teacht chun cinn de réir mar atá an ghéarchéim ag dul ar aghaidh. Chomh maith leis sin, tá cosaintí agus tacaíochtaí ar leith ag teastáil ó leanaí atá ag taisteal leo féin, daoine ar dhírigh buíonta gáinneála orthu chomh maith le daoine faoi mhíchumas, baill den phobal LGBTI+ agus leanaí ó dhílleachtlanna. 

Tá The Community Foundation, atá i mbun comhpháirtíochta le grúpaí cearta imirceach, le heagraíochtaí tacaíochta eile agus le pobail ar leith le 22 bliain anuas, ag baint úsáid as an taithí agus as an saineolais atá aige chun an Ciste Freagartha maidir leis an Úcráin a sheoladh chun freastal ar riachtanais éagsúla na ndaoine atá ag teacht anseo.”

Cuirfear cúnamh ar fáil i bhfoirm deontais d’eagraíochtaí agus grúpaí a bheidh ag cur tacaíocht riachtanach ar fáil. Chun tuilleadh eolais a fháil féach anseo: